San am i láthair, is gearáin scríofa amháin a ghlacann an Coimisiún. B’fhearr do ghearánaithe úsáid a bhaint as an bhfoirm seo thíos ar féidir í a chóipeáil i bhformáid Microsoft Word nó PDF. Sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm seo, déan cinnte go léann tú an leabhrán eolais ‘Conas Gearán a Dhéanamh – Treoir don Lucht éisteachta agus Féachana’. Ní MóR an fhoirm seo a chomhlánú GO hIOMLáN, de réir ghnásanna an Choimisiúin
Ní mór gach gearán
- a dhéanamh i bhfoirm scríofa. Is chuige sin a cuireadh an Foirm Ghearáin seo ar fáil
- a dhéanamh laistigh de thríocha (30) lá ó chraoladh an chláir
- ní mór go mbainfeadh an gearán le clár a bhí á chraoladh ag craoltóir le ceadúnas éireannach
- ní mór go mbeadh an gearán laistigh de na cóid agus den reachtaíocht ábhartha
- iní mór achoimre a thabhairt ar ábhar an ghearáin
- Foilsíonn an Coimisiún sonraí na ngearán a bhíonn á meas acu, ainm an ghearánaí san áireamh, ach amháin nuair a fheictear dóibh nár chuí é sin..
*cliceáil ar dheis agus roghnaigh 'save target as'