Seo thíos roinnt ceisteanna nár mhiste a fhreagairt sula ndéantar gearán.
Cé ar féidir leis gearán a dhéanamh?
Cé hiad na craoltóirí atá faoi scóip an Choimisiúin
Cad iad na hábhair ar féidir gearán a dhéanamh fúthu?
Cá huair ba chóir dom mo ghearán a dhéanamh?
Cá huair ba chóir dom mo ghearán a dhéanamh?
Tá teorainn ama ann:
(i) Má bhaineann an gearán le mír chraolta amháin, ní mór an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thríocha lá ón uair a craoladh an mhír;
(ii) Má bhaineann sé le dhá cheann de mhíreanna craolta (nó líon níos mó ná sin), agus mura bhfuil nasc ar bith idir na míreanna seo, caithfear an gearán a sheoladh chugainn laistigh de thríocha lá ón uair a craoladh an chéad mhír díobh.
(iii) Má bhaineann an gearán le dhá mhír chraolta (nó líon níos mó ná sin) a bhfuil nasc eatarthu, agus gur craoladh ar a laghad dhá cheann de na míreanna sin ar dhátaí éagsúla, ní mór an gearán a sheoladh chugainn laistigh de thríocha lá ón uair a craoladh an ceann is déanaí de na míreanna.
Má chloiseann nó má fheiceann tú mír chraolta a chuireann as duit, comhlánaigh an ‘Fhoirm Ghearáin’ agus seol ar ais go dtí oifigí an Choimisiúin í laistigh de thríocha lá ón uair a craoladh an mhír. Nó d’fhéadfá ainm an stáisiúin a scríobh síos chomh maith le dáta agus am an chraolta agus achoimre a thabhairt ar cad é go díreach a chuir as duit agus an t-iomlán a sheoladh go dtí an Coimisiún laistigh de thríocha lá ón uair a craoladh an mhír.