Broadcasting Complaints Commission
Tá tú anseo: Conas gearán a dhéanamh

Conas gearán a dhéanamh

Seo thíos roinnt ceisteanna nár mhiste a fhreagairt sula ndéantar gearán.

Cé ar féidir leis gearán a dhéanamh?
Cé hiad na craoltóirí atá faoi scóip an Choimisiúin
Cad iad na hábhair ar féidir gearán a dhéanamh fúthu?
Cá huair ba chóir dom mo ghearán a dhéanamh?


Cé hiad na craoltóirí atá faoi scóip an Choimisiúin?

Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a dhéanamh i bhfoirm scríofa. Tá 'Foirm Ghearáin' ar leith ann chuige sin atá le fáil ó oifigí an Choimisiúin nó ar féidir í a chóipeáil ón láithreán seo: foirm ghearáin Ní mór gach gearán a dhéanamh laistigh de thríocha lá ó chraoladh an chláir.

Ní mór go mbeadh baint ag an ngearán le sárú éigin ar chód nó ar reachtaíocht faoi mar a mhínítear in Cad iad na hábhair ar féidir gearán a dhéanamh fúthu?. Ní féidir leis an gCoimisiún déileáil le haon ábhar nach bhfuil laistigh de scóip an chóid agus na reachtaíochta.

Tá foilseachán ar leith ag an gCoimisiún dar teideal Conas Gearán a Dhéanamh - Treoir don Lucht éisteachta & Féachana. Tá an treoirleabhar seo le fáil ach é a lorg ó oifigí an Choimisiúin nó is féidir é a chóipeáil ón láithreán seo, treoir. Moltar do ghearánaithe iad féin a chur ar an eolas faoi na rialacháin sula gcuireann siad gearán faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór ainm an chláir/an fhógráin a insint don Choimisiún, chomh maith le dáta agus am a chraolta. Ní mór a mhíniú cén cód craolacháin a sáraíodh, dar leat. Tá sé riachtanach an t-eolas seo go léir a sholáthar, nó seans nach mbeidh an Coimisiún in ann an gearán a mheas.

Má tá aon cheist agat ar conas gearán a dhéanamh, ba chóir duit dul i dteagmháil le foireann na hoifige seo. Is é ár seoladh ríomhphoist ná info@bcc.ie nó d’fhéadfá glaoch orainn ar 644 1280. Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat.


Making a Complaint - a guide to listeners and viewers Want to make a Complaint? download a complaint form