Broadcasting Complaints Commission
Tá tú anseo: Conas gearán a dhéanamh

Conas gearán a dhéanamh

Seo thíos roinnt ceisteanna nár mhiste a fhreagairt sula ndéantar gearán.

Cé ar féidir leis gearán a dhéanamh?
Cé hiad na craoltóirí atá faoi scóip an Choimisiúin
Cad iad na hábhair ar féidir gearán a dhéanamh fúthu?
Cá huair ba chóir dom mo ghearán a dhéanamh?


Cad iad na hábhair ar féidir gearán a dhéanamh fúthu?

Is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh má fheiceann nó má chloiseann tú aon mhír chraolta a mheasann tú a sháraíonn na rialacháin seo a leanas:

A Impireacht
Ní mór gach nuacht chraolta a chur i láthair agus a thuairisciú ar shlí atá oibiachtúil, cothrom gan tuairimí na gcraoltóirí a bheith le sonrú. Ní mór cláir chúrsaí reatha, lena n-áirítear iad siúd ina bpléitear nó ina ndéantar díospóireacht faoi cheisteanna conspóideacha, a dhéanamh ar shlí a thugann cothrom na Féinne do gach páirtí leasmhar. Ach oiread leis an nuacht, ní mór an t-ábhar a chur i láthair go hoibiachtúil neamhchlaonta, gan tuairimí na gcraoltóirí a bheith le sonrú (is féidir dhá chlár nó líon níos mó ná sin a mheas mar aon chlár amháin má bhíonn siad gaolmhar dá chéile ó thaobh ábhair agus má chraoltar go réasúnta gar dá chéile iad).

B Toighis & Cuibheas, Dlí agus Ord
Tá dualgas ar gach craoltóir gan aon ní a chraoladh a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta gurb ábhar déistineach míchuibhiúil atá ann, go háirithe maidir le forneart nó iompar gnéasach a léiriú ar shlí is dócha a spreagfadh coiriúlacht nó a laghdódh údarás an Stáit.

C Príobháideachas an Duine Aonair
Tá dualgas ar chraoltóirí féachaint chuige nach gcuirtear isteach go míréasúnta ar phríobháideachas an duine aonair de thoradh ar chláir a chraolann siad nó de thoradh ar mhodh déanta a leithéid de chláir.

D Cóid Toighse & Chuibhis
Tá an cód, agus gach aguisín leis a bhaineann le hábhar, le fáil ach é a lorg ón gCoimisiún nó é a chóipeáil ón láithreán seo ar, Cód Chaighdeán Clár BCI.


E Cóid maidir le fógraíocht, siopadóireacht teilifíse, urraíocht & tionscnamh tráchtála
Tá an cód, agus gach aguisín leis a bhaineann le hábhar, le fáil ach é a lorg ón gCoimisiún nó é a chóipeáil ón láithreán seo ar Cód Ginearálta Fógraíochta BCI.

F Clúmhilleadh
Is é sin, gearán ó dhuine ag maíomh go ndearna craoltóir ainmnithe eolas míchruinn a chraoladh a d’fhéadfadh a mheas mar ionsaí ar dhínit, ar chlú nó ar onóir an té a ndearnadh na ráitis ina thaobh. Is féidir leis an gCoimisiún déileáil lena leithéid seo de ghearáin.

G ábhair fhoilsithe
Tá cead ag údarás RTé irisí, leabhair, páipéir agus ábhair chlóite eile a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh agus, ag brath ar thoil an Aire, ábhair thaifeadta éisteachta agus féachana a thiomsú, a fhoilsiú, a dháileadh, a dhíol nó a mhalartú. Is féidir gearán a dhéanamh maidir le hábhair nuachta nó cúrsaí reatha a fhoilsíonn, a dháileann nó a dhíolann RTé más dócha go spreagfadh sé coiriúlacht nó go laghdódh sé údarás an Stáit.

H Toirmisc a ordaíonn Airí Rialtais
Tá sé de chumhacht ag an Aire, má mheasann sé gur dócha go spreagfadh cineál áirithe ábhair coiriúlacht nó go laghdódh sé údarás an Stáit, ordú do chraoltóirí gan an t-ábhar sin nó ábhar den chineál céanna a chraoladh. Ní mór leis an gCraoltóir cloí lena leithéid d’ordú.


Making a Complaint - a guide to listeners and viewers Want to make a Complaint? download a complaint form