Is é an Coimisiún atá freagrach as déileáil le gach gearán faoi chúrsaí craolacháin a bhaineann le craoltóirí raidió agus teilifíse le ceadúnas de chuid Phoblacht Éireann. Is ionann seo agus a rá go measann an Coimisiún na gearáin seo agus go ndéanann sé cinneadh ina dtaobh. Is chun na gearáin seo a phróiseáil a bunaíodh an Coimisiún.
Aon duine den lucht féachana nó éisteachta atá míshásta le hábhar a chraoltar ar sheirbhís chraoltóireachta le ceadúnas Éireannach, bíodh sé ina chlár nó ina fhógrán, is féidir leis/léi gearán a dhéanamh ina thaobh agus is é an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin a dhéanfaidh an gearán sin a phróiseáil.