Broadcasting Complaints Commission
Tá tú anseo: Cad é a dhéanfar le do ghearán?

Cad é a dhéanfar le do ghearán?

Má tá an t-eolas riachtanach curtha faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thríocha lá ó chraoladh an ábhair, agus má tá an gearán laistigh de scóip an Choimisiúin, cuirfimid an litir go dtí an craoltóir le go ndéanfaidh siad é a mheas.

Bíonn lá is fiche ag an gcraoltóir i ndiaidh an gearán a fháil chun cinneadh a dhéanamh cé acu freagra a thabhairt nó gan freagra a thabhairt. Má thugann an Craoltóir freagra ar an ngearán, cuirfear cóip de go dtí an gearánaí. Mura sásaíonn an freagra sin an gearánaí, moltar dó freagra a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Lorgóidh an Coimisiún cóip den chlár/den fhógrán ón gcraoltóir agus scaipfidh ar bhaill an Choimisiúin é le ndéanfaidh siadsan cinneadh ina thaobh.

Má theipeann ar an gCraoltóir do litir a fhreagairt, lorgóimidne téip den chlár/den fhógrán agus cuirfidh do chomhfhreagras, mar aon leis an téip, go dtí ball den Choimisiún le go ndéanfaidh seisean/sise cinneadh ina thaobh.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cinneadh cé acu a chloígh an craoltóir leis na cóid/reachtaíocht nó nár chloígh.

Más rud é go n-aontaíonn an Coimisiún leis an ngearán, is amhlaidh a 'thacófar' leis.

Más rud é nach n-aontaíonn an Coimisiún leis an ngearán, is amhlaidh a 'dhiúltófar' é.

Dréachtar achoimre ar an gcomhfhreagras. Tugtar eolas san achoimre seo mar gheall ar chinneadh an Choimisiúin, mar aon leis na fáthanna a bhí leis an gcinneadh.

Cuirfear cóip den chinneadh go dtí an gearánaí agus go dtí an craoltóir sula bhfoilsítear go poiblí é. Más rud é gur duine éigin seachas an craoltóir a rinne an clár/fógrán, is amhlaidh a chuirfidh an Coimisiún cóip den chinneadh go dtí an duine sin freisin.

Cuirtear achoimrí ar na cinntí ar fad ar fáil do na meáin chumarsáide. Liostaítear ar Thuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin chomh maith iad agus foilsítear ar láithreán gréasáin an Choimisiúin iad (decisions), ach amháin má fheictear don Choimisiún nár chuí sin. Bíonn ainm an ghearánaí ar cheann de na sonraí a fhoilsítear.

Is féidir leis an gCoimisiún iarraidh ar an gCraoltóir sonraí áirithe a bhaineann leis an gcinneadh a fhoilsiú ar shlí éigin a comhaontaíodh cheana idir an Coimisiún agus an Craoltóir.

I gcás go dtacaítear le cuid den ghearán nó leis an ngearán iomlán, déanfaidh an Craoltóir cinneadh an Choimisiúin a chraobhscaoileadh, ach amháin mheasann an Coimisiún nár chuí é sin. I gcás gearáin a dhéantar faoi bhun fho-alt (2) (f) (clúmhilleadh) den Acht Craolacháin 2001, ceartófar aon eolas míchruinn nó aon eolas a bhaineann leis an duine a bhí i gceist Déanfar seo in am agus ar shlí atá cosúil le ham craolta na míre a spreag an gearán an chéad lá. Níl aon chumhacht ag an gCoimisiún maidir le costais nó speansais a bhronnadh ar aon cheann de na páirtithe.

Ba chóir gach comhfhreagras leis an gCoimisiún a chur go dtí an seoladh seo:

An Rúnaí,
An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin
2-3 Plás Warrington
Baile átha Cliath 2.


Má tá aon cheist eile agat mar gheall ar ghnásanna gearáin, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugainn ar info@bcc.ie nó glaoigh orainn ar 644 1280


Making a Complaint - a guide to listeners and viewers Want to make a Complaint? download a complaint form